Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “An Maor agus an Chaora Bhán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Maor agus an Caora Bán
    Fadó shoin bhí maor ag obair do dhuine uasal agus níor innis sé aon bhréag ariamh.
    Thainig bean go dtí an duine uasal lá amháin agus chur sí cúig punt déag leis go n-innseochadh an maor bréag. Cuir an duine uasal cúig punt déag dise nach n-innseochadh sé bréag.
    Chuaidh an bean go dtí an maor lá ar na mháireach agus diarr sí an caora bhán air agus go dtuibharfhadh sí cúig céad phunt dó air. Dubhairt sé nach dtiubharfhadh, nach bféadfhadh sé dul abhaile ag a mhaighistir dá dtugadh sí uaidh an caora bán.
    Nuair a thainig an maor abhaile an tráthnóna sin dfhiafhruigh an maighistir dó an raibh na caoirigh uilig aige. Dubhairt sé go raibh acht go dtainig bean aige agus gur iarr sí an caora bá air agus nár thug sé dí é. An dara lá thainig an bean arís agus geall sí dó go dtiubharfhadh sí ocht gcéad punt dó ar an gcaora bán. Dubhairt sé nach bféadfhadh sé dul abhaile gan é agus níor thug sé dí é. Nuair a thainig sé abhaile sa tráthnóna dfhiafhruigh an maighistir dó an raibh na caoirigh uilig aige. Dubhairt sé go raibh acht gus thainig an bhean ceadna indiu agus gur iarr sí an caora bán air agus níor thug sé dí í.
    An triomhadh lá thainig sí féin agus an inghean. Dubhairt sí go dtiubharfhadh sí an inghean le pósadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eiblin Ni Corduibh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Micheál O Corduibh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo