Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 290
- XML “Comhartha Fearthainne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na cnuic bíonn fearthainn air.Comhartha Stoirme(1) Nuair a bhíonn’s cat ag scríobadh bíonn stoirm air.(2) Nuair a bhíonn’s dath gorm ar an teine deirtear gur stoirm é.(3) Nuair a feictear madadh ag ithe féir deirtear gur stoirm é.(4) Nuair a nigheanns an lach í féin faoi’n uisge bíonn stoirm air.(5) Nuair a síneann an madadh é féin ó’s comhair an teineadh bíonn stoirm air.(6) Nuair a síleann muid go bhfuil na cnuic i ngar dúinn deirtear gur stoirm a bhíonn’s le teacht.(7) Nuair abhíonn’s stoirm mór le teacht bíonn na tonntracha ag dul ináirge ar an bhfairrge.(8) Nuair a bhíonn’s na ba ag géimnigh deirtear go mbíonn stoirm air.(9) Nuair a feictear na géabh fiadháine ag dul thart ar an talamh bíonn stoirm air.(10) Nuair a bhíonn’s go leór éanlaith ag eitilt thart ar an teach bíonn stoirm air.
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Graith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mícheál O Caogláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo