Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Leathanach 259
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá roiligh timeall Béal Easa. Teampoll Maol a tugtar ar cheann amháin agus Creagach ar an roilig eile. Tá roilig Teampoll Maol timpeall míle ó mBéal Easa agus tá roilig Creagach timcheall dhá mile. Cuma cearnógach atá ar Creagach agus cuma dronuilleógach ar Teampoll Maol. Ní cuirtear aoinne i dTeampoll Maol anois ach cuirtear daoine i gCreagach fós.Tá cill síos i gCnoc Mhór agus Cill Comann an t-ainm a tugtar ar. Sé an chill sin an cill is sine in Éirinn. Cuirtear páistí nar baistadh ins an cill sin. Tá sé suidhte in aice locha atá in aice Cnuich Mhóir. Deireann na sean daoine go bhfuil Colm Cille cuirthe in aice leis an gcill. Seo é an sgéal. Do cuireadh Naomh Colm Cille in Oileán Í, ach ba mhaith leis bheith curtha in Éirinn. Tháinig fearthainn mór agus thug an fhairrge air ais go h-Éirinn. Bhí baintreabhach in a cómhnuidhe in aice leis an gcill agus bhí naoí acra de thalam aicí.Bhí dhá buin aicí freisin agus lá amháín chonnaic bó amháin rud éigin amuigh ar an loch. Chonnaic an baintreabhach é agus chonnaich sí gur comhra a bhí ann. Do cuir cúigear fear an comhra ins an gcill, agus aon duine a ghuidheann ós cionn na h-uaige geibheann sé a atchuinghe
- Bailitheoir
- Máire Ní Thaidhg
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo