Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)

Suíomh:
Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Oide sa chlochar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuairim is trí céad blian ó shoin, bhí fear ina chomhnuidhe i bparóiste atá cúpla míle o'n mBaile Béal Easa. Gaedheal saidbhir do beadh é acht cheap sé nach raibh a saidhbhreas aon dhó, mar bhí na Sasanaigh ag dul tríd an tír agus iad ag goid gach píosa óir a chuir síad lámh air.
    Bhí loch beag inaice an thigh mhóir a bhí comnuidhe ar an fear, agus do chuir sé an cuid is mó dhe'n airgead a bhí aige i mbairrille. Annsin, leis an cabhar a fuair sé ó na daoine do chuir sé an bairrille san loch. Nuair a chuaidh na Sasanaigh as an Cúige do chuaidh an fear go dtí an loch acht do theip air an bairrille do thabhairt amach.
    Nuair a fuair sé bás deirtear gur tháinigh eascú ag tabhairt aire do'n mbairrille óir. Deirtear freisin nach bhfuil seans ag duine ar bith an bairille do goid an fhaidh atá an eascú ann. Bhí brionlóid ag fear san áit uair agus ins an mbrionlóid chonnaich sé an bairrille agus an eascú ag tabhairt aire do. Cheap sé go mbéad an eascú imthighthe an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge