Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)

Suíomh:
Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Oide sa chlochar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear go bhfuil croca óir i bhfolach fé crann atá i n-aice an bhóthair i gCill Éadhain. Deirtear go bhfuil easgann mór ag tabhairt aire d'on croca . Níl cead ag aon duine an talamh do threabhadh 'san áit ina bhfuil an crann ag fás, no aon chuid d'en crann do ghearradh ar eagla go bhfuigheadh sé bás.
    Deirtear go bhfuigheadh an céad duine a geibheann an croca óir sin bás, agus go mbéadh sé ag an dara duine. Sin é an fáth nár chuaidh éinne ar a lorg. Tá an crann ann go dtí an lá seo, acht ceapann mise go mbeidh sé ann go dtí an lá deireannach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge