Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Leathanach 211
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a achómhnuidhe i mBaile Seadaigh in aice le Béal Easa, agus bhí brionglóíd aige trí oidhche in dhiaidh a chéile go riabh pota óír ar droichead London. Chuaidh sé go London agus tosuigh sé ag siubhal síos suas an droicid. D'fan sé annsin ar feadh cúpla uair agus do casad dó fear beag a raibh caipín dearg air. Do thosuigheadar ag cainnt agus dubhairt an fear ó Baile Seadaigh go raibh brionglóíd aige, agus ins an mbrionglóíd sin gur cheap sé go raibh pota óír ar droichead London. D'fhiafhruigh an fear beag de cé'n t'ainm a bhí air agus cer'b as é. Dubhairt ar fear leis gurbh é Maolmhuaidh ó Baile Seadaigh é. Dubhairt an fear beag go raibh brionglóid aige agus gur cheap sé go raibh an t-ór i ngáirdín Maolmhuaidh fé(leanann ar an chéad leathanach eile)