Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)

Suíomh:
Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Casaide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0121, Leathanach 409

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0121, Leathanach 409

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-chluain (B.)
  2. XML Leathanach 409
  3. XML “Cathaoir Ó Dubhda”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rugadh mé i n-Iorrus aige Cathaoir Ó Dubhda
    Fear a bhí múinte measúil go leór
    Thóg sé go math le scoil agus léigheann mé
    Nuair a tháinig mé suas i ngoireacht fear bhreágh
    D'éirigh mé amach aon mhaidin sa drúcht
    Mo chú is mo chúpla gadhar le m'ais
    Thuit ceo ar a' talamh agus chaill mé mo chúrsa
    Agus chuaidh mé amugha i gcnoc is i ngleann
    Cé dtiocfainn dhul tharm ach Máire chiúin álainn
    Ba deise is ba bhreághtha í is bhí a folt mar an ór
    Labhair sí go meangach agus thug cuireadh go lághach dhom
    An áit a bhfáighfinn fáilnis biadh agus feóil
    Bhí bord ar a theaglaigh raibh chuile shórt bhidh air
    Ancar mór fíona a líonadh le cáirt
    Mianach naoi gcáirt agus (i dlí?) mo charabhata
    Is níor lughade na míosaí ag imtheacht ónh gclár.
    Chóirigh sí leabaidh faoi bhratachaí síoda
    Agus dubhairt sí liom síneadh agus codail go sámh.
    Nuair fuair mise amach go raibh mé sa mbruighin
    Is go bhfuaduigh an bhean tsidhe bhí ag Fionnbheara Meádha.
    Éirigh do shuidhe a mhic Cathaoir Uí Dubhda
    Ghluais aníos as Iorrus dha mhám
    Tá Fionnbheara geabhair a' teacht is a rúiteach
    Is ní maith thú (bhualadh?) fó riar mo chúis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padhraic Ó Ceannabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 55
    Gairm bheatha
    Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cnoc, Co. na Gaillimhe