Scoil: Leath-cheathrú (uimhir rolla 13437)

Suíomh:
An Leithcheathrú, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Ó Maidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 466

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 466

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leath-cheathrú
  2. XML Leathanach 466
  3. XML “An Ceantar Seo Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thoir theas de. Deanfadh sé an t-ochtmhadh cuid de Condae Mhuigheó.
    Tá géagán den Machaire láir ag síneadh isteach go Cathair na Mart agus go Béal Atha an Fheadha acht mar sin féin nil talamh maith i mBarúntacht Mhic Coisdealbhtha.
    Núair a bhíodh Seán Ó Dilliuin ina theachtaidhe tugadh "Dillons Siberia" ar Bharúntacht Mhic Coisdealbhtha, mar bhíodh sé ag clamhsadh i gcomhnuidhe i dtaobh bhochtannas na h-áite seo.
    Sé Mullach-an-Eo an cnoc is aoirde san mbarúntacht. Tá sé sé chead troigh ar aoirde agus tá radhairc áluinn le feiceál ó'n mbárr. Ó dheas tá Locha Urláir le feiceál agus ó thúaidh chfeá bánta Shligigh. Eirigheann abha Mhullach-an Eó san gcnoc san agus taoscann sé an taobh thúaidh de'n Bharúntacht agus téigheann sé isteach sa Mhuaidh. Taosgeann an Glór an taobh theas de'n Bharuntacht agus téigheann sé isteach san Mhuaidh freisin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge