Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- XML Leathanach 010
- XML “Beirt Bhan Rialta as Burgus Umhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur". Ní féidir ar ndóigh an sean-fhocal do shárú, agus tá a cruthú againn ag muinntear Bhurguis Umhaill. Tá imtheachta Chromail an Áir, nó mar a tugtar air ag muinntir Burguis Umhaill a[ ] Cromal dubh na malachta i mbéal gach duine, agus béidh an fhaid a mhairfeas fothraig na mainistreach agus an chlochair na measg. Is fearr a n-eólas agus a meas ar ar tharla san am sin, ná atá dá dtuitim amach na measg an lá indiú. Is minic a chonnacas súile an sgéaluidhe dá lionadh leis na deóra guirt, agus sgéal brónach na mban riaghalta da aith-innsint aige.
Ar dtús ní rabhas abálta bun ná barr, tús ná dheire do chur ar an sgéal seo in mo dhiaidh, mar ní hé an leagan céadna abhí ag sgéaluidhthe air. Sa deire fuaras amach gur dhá sgéal abhí ann agus iad measgthe ag na daoine. Táim cinnte faoi sin anois, mar tá dhá oileán ann - oileán na mban riaghalta agus oileán na naomh. Tá míle idir an dá oileán seo. Baineann an chead [sgéal] le oileán na mban riaghalta agus an dara sgéal le oileán na naomh.
An leagan atá agam annseo air, is ó Seán Mac Giollaruaidh fuaras é. (Féach leachannach a 6).(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giollaruaidh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo