Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)
- Dáta
- 1935–1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tú 'do rí ar Éirinn nach mbainfheadh tú mo phíosa talamhna díom." "Dheamhan is cuimhneach", arsa Cromail. Agus 'sbáin an gréasuidhe dhó é.
"Cé d'innis é sin dhuit-se?" arsa Cromail. "Níor mhaith liom é 'innseacht", ars an gréasuidhe, "bráthair a d'innis dhom é. Chuaidh Cromail agus a chuid saighdiúirí go dtí an áit a raibh an bráthair 'n-a chomhnuidhe, agus d'fhiafhruigh Cromail cé'n uair a gheobhadh sé bás. Dubhairt an bráthair nach raibh fhios aige.
Dubhairt sé leo a dhul go dtí an chéad teach ceardcha a casfaoi ortha. Nuair a bhí siad a' dhul thar an teach chaill an capall an crudh, agus chuaidh sé isteach sa gceardcha, é fhéin agus na saighdiúirí. Ní raibh aon iarann ag an ngabha. Fuair sé píosa sean-ghunna, agus chuir sé síos sa teine é. Phléasg an t-urchar agus mharbhuigh duine dá chuid saighdiúirí. Bhí faitchíos ar Chromail agus d'imthigh sé go Sasana. Tá sé ráidhte gurab é a bhain an ceann dho Rí Shasana.
Mícheál Breathnach Chuilm, Tír an Fhiaidh. - An Mharthain Phádhraic
[Tá an Mharthain Phádhraic ag Peat Pheadaí Mhic Diarmada sa Lochán Beag. Buachaillí a bhí ar a dteicheadh sa gceanntar sin, agus fear a bhí sa bhFrainnc, cuiredh dhóibh í]
[Lughnasa 13, 1936]