Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 4)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0255](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0255.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0255
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)úd. Ardochadh cuile fear a hata agus cuirfeadh na mna fioghar na croise orta féin nuair dfeicidís ag tigeact é. Creid cuile duine againn agus creideann fós go raibh cumacht ag an sagart duine ar bith ar mian leis do leighis.
Bhí bean thíos i gCaladh Na Muc a raibh tinneas uirthi nuair bhí sí og. As iompadh goile a bhí uirthi. Ní raibh sí act 'na girrseach ag an uair ud agus bhí an galar seo na luighe uirthi go trom. Ní raibh blas a d'itheadh sí nach dtiocfadh anuas arís agus síl a muinntir nach maireadh sí go maidin. Cuir siad fios ar an sagart ag uair an mheadhoin oidhche agus tháinic sé. Bhí conntal air a bheith amuigh an trath sin den oidhche agus gidh gur fear lagach(leanann ar an chéad leathanach eile)