Volume: CBÉ 0441 (Part 4)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (Slighe Beatha) Saogal na nDaoine
Tá atrú mor tagtha ar an saoghal ó bhí mise óg. Is cuimin liomsa an uair nuair nach raibh aon plúr le faghail. D'ithimís leite ag an mbricfeasda. Ní beadh faic le fagail againn annsin go dtí a h-aon a clog agus annsin bheadh prataí beirbte againn. Ní beadh aon rud eile act prataí agus salainn agus uaireannta bainne. Beadh riméad mor ar duine da mbeadh an salainn agus an bainne aige. Ní feicimís greim feóla act amáin lá Nodlag agus lá feile Martan. Marbuigthí gé no lacain na laetheannta sin.
Iteadh an gnath duine suas le da dosaen prátaí ag an dinnear agus tá aitne agamsa ar daoine itead suas le cloch meadhchain de prátaí in aon turas.(continues on next page)