riamh agus níos dhise leis na daoíne agus bhí sé ansan
sa n-áit sin a’ muireachtaint nú do dtáinig a’ chríne air agus dur chailleach é.
Is sin é mo sgéul-sa, má thá bréug ann, bíoch.
Do chuala ó Thomás Crithin a’ Choma(1). Tá cheithre fichid bliain ach do h-áirithe ann mara
bhfuil ao’ ní’ ’n-a theannta. Tímcheall lé trí fichid bliain agus bhí sé fhéin glan cheithre
fichid bliain, sin é bhí ’gam lé rá. Bhí sé féin glan cheithre fichid bliain. Anso ’stig a chuala á rá é.
(1) An Coum. Baile i bPar. Dhún Chuínn.