Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)35
"A Mhic, na leig leis é," ars an Maighdean
bheannuigh.
A Mhathair nach dtéarn an t-olc.
Na leig leis é ma's é do roghainn é;
Ach ní tíochaidh sé ann mo Ránn-sa
go dtugaidh sé íoc ins an dochar.
"Nach é ars an t-Íudar, "a thug an
dorn duit a bhris an t-súil ann
do ceann,"
Nach é a thug an deoch duit o’n
chapán luaidhe.
"A d’fhág gaibhte ar lámh do
námhaid tú.
Annsin a labhair Muire fríd
umhalaidheacht,
"is feárr duit míle bliadhain sá torr,
na aon uair ariamh i bpiantaí
Síorruidhe Ifrinn."
Sin agat anois mo sgéal-sa,
agus ma's feidir é déan do leas.(leanann ar an chéad leathanach eile)