Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan. ”
(ar lean ón leathanach roimhe)217 3464
ní rabh sé sásta
Chuaidh an oidhche sin thart agus tháinic a
dara h-oidhche, agus nuair a tháinic a
dara h-oidhche sgríob Aladhan a lamp
arais. Tháinic a Dheághnaidh amach a
mhaighistir," arsa seisean, "goidé tá a dhith
anocht ort?" "gabh agus thug a bhean udaí
anocht arais innseorm," arsa seisean.
Chuaidh agus choinnigh sé go maidin í, agus
nuair a tháinic a mhaidin, gabh abhaile
fhad le d’athair anois," arsa seisean
Chuaidh sí abhaile fhad le n-a h-athair.
Annsin bhí’n fear a bhí pósta oirthí
gan í an dá oidhche. Tháinic a tríomhadh
h-oidhche, agus sgríob sé’n láimp agus
tháinic a Dheághnaidh amach as a
t-sean-lamp. "Goidé tá dhith ort a
maighistir?" arsa’n Deághnaidh. "An bhean
udaí anocht araist," arsa seisean. Chuaidh
sé fá n-a choinne agus tháinic sé, agus
ba í sin an tríomhadh oidhche.
Annsin a tríomhadh h-oidhche a bhí ’n
fear a bhí pósta oirthí gan í, dubhairt
6(leanann ar an chéad leathanach eile)