School: Kilbaha

Location:
Kilbaha, Co. Clare
Teacher:
Pádraig Ceitinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 372

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 372

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilbaha
  2. XML Page 372
  3. XML “Scéal - An Stilléaraí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear na chomhnuidhe i gCoill Bheatach tímcheall ceithre fichid blian ó shoin. Bhí an Stilléaraidhe mar leas ainm air. Beitheamhnach mór dobh eadh é. Bhí sé ag gabhail tímcheall ag obair des na feirmóiribh. Le na linn bhíodh biteamnaig ag stolladh na h oilne dos na Caorhaibh a bhí ag na feirmóirí, agus dob é an Stillearaidhe an fear ba mheasa díobh. D'eirigheadh sé amach ar maidin tar éis bheith ag stolladh san oidhche, agus deireadh sé ó nach bradach an tir í. Aon lá amháin bhí sé ag bualadh coirce i deach chomharsam. Bhí droch léine air, agus thug bean an tighe léine do. An oidhce cheudna cuaidh sé ag stollad caoire na mná sin. Ní raibh aon nídh aige cun an t olann a cuir isteach ann. Bhain sé de an léine, agus cuir sé an t olann isteach ann. Cuireadh eagla air, agus níor bfuirist sin. D'fág sé an léine na dhiaidh agus theith sé. Bhí sé ag obair sa teach ceudna lá ar na báireach agus ní raibh sé i bfad ann nuair a tainig madra an tighe isteach agus an léine na beal aige agus e lán d'olann. D'aithinn bean an tighe an léine agus bhí sí ar dhearg bhuille chun an Stillearaidhe mar gheall ar an gníomh náireach a bhí deunta aige. Bhí fhios ag gach aoine annsin cé n bé an bithheamnach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish