School: Clohanes, Dún Beag

Location:
Clohanes, Co. Clare
Teacher:
Mícheál de Bláca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Page 212
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Sé Clúain Úi Gárnán ainm an bhaile go bhfuil cómhnuidhe orm. Tá sé i mbarúntacht Uí Bhreacháin agus i bparóiste Cill Áird.
    Fadó, bhí fear dabh ainm Garnán in-a chómhnuidhe san ceanntar agus bhí móinfhéir nó cluain mór aige agus sin é an fáth go dtugadh Cluain Úi Garnán ar an áit.
    'Sé Mac Áodhgán an ainm is coitchíanta atá san ceanntar.
    Bhí dhá oireadh teach ann fadó agus atha anois agus cinn tuighe atá ar a bhfurmhór díobh.
    Ba ghnáth leis na daoine óga dul go h-Americeá tamall ó shoin mar bhí na ferimeacha ró-bheag chun iad go léir do chothú sa bhaile. Anois níl cead aca dul annsan agus téigheann siad go Sasana chun slighe-bheatha do bhaint amach. 'Siad Pádruig Mac Aodhgán an sgéaluidhe is fearr atá annso acht is i mbéarla atá na sgéalta aca.
    Tá an talamh i gCluain Úi Garnán cuibhseach maith agus maireann furmhór na daoine ar beó-stuic. Tá portach amháin ann agus tá píosa de ag gach duine san ceanntar agus is ann a chuireann siad na bprátaí go léir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Cloonnagarnaun, Co. Clare