School: Baile an Tobair
- Location:
- Ballintober, Co. Roscommon
- Teacher: Máiréad, Bean Uí Dhomhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuiteann oidhche Shamhna ar an oidhche deireadh de mhí an Deireadh Fóghmhar. Is iomdha nósai agus cluichí a rinneadh ar an oidhche sin. Tá an chuid díobh beagnach imthighthe anois uainn ach fanann siadh mar cúimhneach. San gach teach in Eireann deintear cáca milis agus fáinne ann i dtus an lae. Tuithimh tráthnóna bhíonn an cacha gearrtha. Deirthear don duine a gheibheas an fainne go mbíodh sí no sé pósthá go luath.Cuirthear cnó i péire san téine agus chuirthear ainmneacha bhuachall is cáilín ar gach péire ina scaipann siad on a chéile ní phósann an caílin na an bhuachaill sin.Cuirthear trí fó-cúpan ar an mbordh, cre i gceann amháin uisge i gceann eile agus faínne san treas ceann. Cuirthear mullach ar súile duine sa teach agus cibé so-chúpan a cuireann sé a láimh tá rudh os a chomhair mar chuireann sé a láimh ins an cré deirthear go bhfuigheadh sé bás, san uisghe go dteígheadh sé tar lear, ins an só-cúpán 'ná bhfuíl an faínne go mbíodh sé phostha sar ibhfadh.(continues on next page)