School: Kinnegad (C.) (roll number 14363)

Location:
Kinnegad, Co. Westmeath
Teacher:
E. Ní Chairbre
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0728, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0728, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kinnegad (C.)
  2. XML Page 099
  3. XML “Cionn Átha Gad”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Baile beag ar an dtaobh thoir thuaidh de Chondae na h-Iarmhidhe iseadh Ceann-Átha-Gad. Ní baile ársa é, mar d'fhás sé suas mórthimcheall ar an gcaisleán. Do cuireadh ar bun annso in-aimsir na Normánach, toisg bealach agus áth a bheith ann.
    Bhí an bealach so fé chomhacht na nGearaltach abhí i dTír Chroghan ó 1559 go dtí 1650. Tháinigh Cromwell annsan agus thíomáin sé amach na saighdúirí. Chuaidh siad-san go Tír Croghan acht d'ionnsigh Cromwell an caisleán agus cé gur dheineadar cosaint breagh, b'éigin dóibh tabhairt suas de, agus an áit d'fhágaint.
    Ins an ochtmhadh aois deag, nuair abhí na cóistí fé réim ar an mbóthar, bhí Ceann-na-nGad mar stáisiún i gcóir na gcóistí, agus áit an-ghnóthach b'eadh é. Bhí mórán tighthe ósta ann, agus iad lán de dhaoine a thagadh chun dul ar na cóistíbh, agus de bhuachaillí aimsire chun aire do thabhairt dóibh.
    Bhíodh margadh mór ann ag an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Kinnegad, Co. Westmeath