School: Ughtyneill (roll number 12897)

Location:
Ughtyneill, Co. Meath
Teacher:
Maighréad, Bean Uí Chinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0705, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0705, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ughtyneill
  2. XML Page 207
  3. XML “Seamus O Ceallaigh agus na Buidéil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus do chuir sé ar an mbórd iad. Seo an luach do fuaireas ar an mbuin ars eisean. Och ars an bhean taimuid céachta ar fad nac mor an t-amadán tu agus ár mbó breagh do dhíol agat ar an da búideal suaracha sin.
    Do chaillis do chiall go glan.
    "Go reidh a bhean" arsa Seamus, Ní cailltear gach nidh atá ig (?) contabhairt. Annsin do tharraing sé na dulláin as na buidealaibh. "A buideala deunaidh bhur gnó" ars eisean agus do thosuigh an da bhuideul ar airgead buidhe agus airgead geal a stealladh amach ar an mbórd go raibh sé lán de gac cinéal acu. 'Na dhéíg sin do chuir sé na buidéil i bfolach agus bhí sé fein agus a bhean lán sasta. D'eirig sé go h-an saidbhir i gceann tamaill, agus bhí gach uile nidh ag dul go breagh leis. San am sin do bhuail isteach bean cómharsan lá idtigh Sheamuis agus dubhairt sí le bean a tighe cad é mar tharla gur eirigh sibh comh saidhbir le deighionnaighe. D'innis an oinseac de bhean tighe leith an sgeal idtaobh na mbuideal o tú go deireadh. Niorbh fada gur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Ceanglaigh
    Gender
    Male