School: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach

Location:
Slievenalicka, Co. Clare
Teacher:
Seán Ó Cionnfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0622, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0622, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 205
  3. XML “Na Scoileanna Scairte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 205
    Na Scoileanna Scairte
    Sar ar cuireadh na scoileanna Naisiúnta ar bunbhí saghas scoileanna eile ann.Tugtar scoileanna fóidín nó gearr Scoileanna nó Scoileanna Scairte ortha.Bhí ceann í Baile Nua in aice le tig Máiréad Ní Cuirm,bhi ceann í "Moy"agus ceann eile í "Milford".
    Tugtar na h-ainmneacha sin ortha mar is in -aice leis an díg a bhíodh an scoil ar siubhal acu,ins an Samhradh agus ins an n-Geimhreadh do geibhidís bothán nó cabán ó dhaoinnnibh uaisle an bhaile.
    Do bhí Séamus Mac Cuirtín ag múineadh í Moy.File agus múinteoir maith dob eadh é ach bhí dúil mór san ól aige agus do dheibhidís lóistín agus bíodh in aisce ó na doine a bhí in- a comhnuidhe in-aice na scoile ach ortha a gceachtanna do mhúineadh dos na páistí beaga ins an tig sin.
    Síad na ceachtanna a mhúinidís ins na scoileanna na léigheamh ,scríobhadh agus áireamh ar a dtugtar na trí R's.Do théigheadh an múinteóir ó pháiste go pháiste agus múinfeadh sé dóibh ins an slighe sin.Ní bhíodh aon clárdubh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhreathaile
    Gender
    Female
    Informant
    Peadar Ó Tailtigh
    Gender
    Male
    Address
    Tooreen, Co. Clare