School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)áit 'na bhfuil an tobar. Sagairt agus bráthaireaca de'n Órd Auguistín a bhiodh 'na gcomhnuidhe insan mhainistir. Leagadh an mhainistir le linn Anraoi VIII.Téigheann muinntear na Carraige 'na sluaighte go dtí Maothal ar lá an Patrúin. Siubhalann na daoine ins an srutháin naoi n-uaire agus deireann siad an Coróinn Mhuire. Má bhíonn siad bhreóite nó tinn ólann siad an t-uisge as an dtobar. Má bíonn na súile nó na lamha nó na cosa tinn cuireann siad an t-uisge beannuigthe ó'n dtobar ortha. Tugann daoine airgead ar uisge an tobair chun é do bhreith abhaile leo. Ní gádh airgead do dhíol as an uisge ach tugann na daoine an t-airgead mar ofráil. Bíonn na daoine ag dul go dtí Maothal ar feadh seachtmhaine mar leanann an Patrún go dtí an céad Domhnac eile. Do theigheadh Prostustúnaig go dtí Maothal fadó agus deiridís paidreaca ann.
Nellí Ní Caoimh- Collector
- Neillí Ní Caoimh
- Gender
- Female