School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 051

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 051
  3. XML “Bean Bhán Bessborough”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ait comhnuidhte do Muinntir Daltún do b'eadh Bessborough fado - Cill Daltún a b'ainm do'n áit ag an uair sin. Caitlicig dilse do b'eadh na Daltúin.
    Taréis ionnsuidhe na Carraige do bhronn Cromail talamh agus tigh Cille Daltún ar Ponsonby de bharr gur éirig leis Carraig do ghabhail dhó. Nuair a thánaig Cromail agus a saighdiúirí go dtí Cill Daltún do chuir an sean fhear - Daltún - agus a inghean fáilte rompa agus thugadar gac compórd dóib le súil go saibhailfí iad. Níor dhein Cromail ach a chur inúil do Daltún gur feallaire é agus narbh' fada go mbeadh sé ar crochadh o'n dair a bhí in aice an tige. Ac do labhair Ponsonby ar a shon agus ghlaoidh Cromail ar ais é agus thug sé cead do Dhaltún agus a inghean fanacht sa chomharsanacht nó dul thar lear go dtí aon tír ba mhaith leó.
    Bhí áthas ar Daltún agus ar Winifred, a inghean nuair nár rabhadar cun bheith curtha cun báis, cé gur chailleadar gac a raibh sa saoghal seo. Ac d'iarr Ponsonby orta fánacht leis sa tigh ar feadh tamaill. Cailín Deas lághach a b'eadh Winifred agus bhí súil aicí agus ag gac aenne go bposfad Ponsonby í.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Peig Ní Laighin
    Gender
    Female