School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 031
  3. XML “Cromail i gCarraig na Siúire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí na Cromaillig ag dul ó Ros Mhic Treóin go dtí Port-Láirge d'ionnsuig siad Carraig na Siúire. Nuair a tháinig siad go dtí na geataí bhí siad dúnta rómpa mar bhí an garastún réidh cun an bhaile do chosaint. B'iad na taoisig a bhí ar mhuinntir na Carraige ná Tighearna Taafe agus Tigearna Inchuiquin agus bhí Reynolds, Sir John Ponsonby, agus Colonel Beresford mar oifigig ar na Cromaillig. Sé an fáth gur maith leo an bhaile seo do ghabhail ná go raibh droichead láidir ag dul treasna na h-abhann, agus bhí súil acu go bfaghaidís seilbh air agus sa t-slighe sin go mbeadh bealac acu isteac go dí Port-láirge.
    Do ghriosuig Ponsonby tuathánaig dul go dtí na geataí agus leigint ortha gurb iad saighdiúir a chuir Urmhumhain cun cabhrú le muinntir na Carraige. Do deineadh amhlaidh. Nuair a oscladh na geataí bhí an namhaid isteac sul a raibh fios a ndearmhad ag an ngarastún. Do theich cuid de na saighiúirí treasna an tSean Droichid agus do marbhuigheadh cuid eile díobh agus do chuir céad díobh iad féin fé glas sa chaisleán ach b'éigin dóibh ghéilleadh an lá in a dhiaidh sin.
    Fágadh Reynolds i gceannas an bhaile agus choimeád sé greim ar an droicead. B'é an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Cromwell (~315)
    Language
    English
    Collector
    Neillí Ní Chaoimh
    Gender
    Female