School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 049
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Comharthaí Soininne
    Nuair a bhíonn an spéir dearg san iarthar ag dul fé do'n ghréin deirtear go mbeidh aimsear bhreágh againn lá'r na bhárac.

    Nuair a fheiceann Sliab na mBan i bhfad uainn, sin comhartha maith eile.

    Nuair a chloistear an chuach go moch ar maidin, beidh an lá go bhreágh

    Nuair a bhíonn na fáinleóga ag eitilt go h-árd san spéir sin comhartha maith eile

    Deirtear go mbíonn áthas ar an aodhaire nuair a bhíonn an tuar-cheatha le feiscint um thráthnóna. Droch-chomhartha dó é d'fheiscint ar maidin.

    Comharthaí Doininne
    Nuair a shéidheann an ghaoth an-dheas beireann sí an fearthainn lei.

    Nuair a shéideann an deatach ó thuaidh ó 'sna simnéthe sin comhartha maith eile.

    Tuiteann an sugh agus shéideann an deatach aníos an siminé nuair a bhíonn an fhearthainn ag teacht.

    Bhíonn taise ar na fiallaí agus ar leaca úrláir leis, nuair a bíonn aimsear fhluich ag teacht.

    Nuair a bhíonn na néallta ar Sliabh na mBan sin comhartha fearthanna leis

    Is é an comhartha fhearthainne is coithciannta atá againn ná ceann an éisg atá ar bhárr-chluig an bhaile a bheith iompuighthe í dtreó na h-abhann.

    Nuair a thagann na gabhair abhaile agus iad a béiceadh deirtear go mbeidh fheartainn againn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Dubhgáin
    Gender
    Female