School: Caisleán Ó gConaing (B.) (roll number 9685)
- Location:
- Castleconnell, Co. Limerick
- Teacher: Donncha Ó Huallacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gan suim ná áird aige san achrann focal a bhí ag borradh thíos i mbun an tíghe. "Mhuise, a dhalta, ná bhí ag bodhradh do chínn leó," arsa Seana-Mhuiris, "Níl na gcuid raiméis cainnte ach praiseach, agus praiseach is teó féin ná í, fuarann sí."Mar sin d'fhanas mar a bhí agam, agus do chas Seana-Muiris ar an dteine arís, amhail is dá mbeadh sé ag breith-nughadh ceíste éigin go géar i na aigne.Tar éis tamaill do mhaolaig ar an gcóin chainnte i mbun a' tíghe, agus do gaibh na trodairí amach go ciúin síothchánta i ndiaidh a chéile." "Féach anois a dhalta," arsa Sean-Mhuiris, "gur maith mar a dheeinis mo chómhairle do dhéanamh, agus fanacht uatha. Nách minic a chualaís, a Chroidhe, ná gabhann cíall agus mí -chíall lé na chéile. Dá dtéightheá-sa na measg súd an uair úd ó chíainibh, ní dhéanfá ach tú féin do sáthadh isteach san imreas chómh maith leo; creid uaimse san, a dhalta, "gur leithide do'n mbuailtrig satailt air."(continues on next page)
- Informant
- Sean O' Sullivan
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry