Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)

Suíomh:
Ballygiltenan Upper, Co. Limerick
Múinteoir:
Máiréad, Bean Uí Chathaláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0480, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0480, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)
  2. XML Leathanach 037
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Seo cuid de sna piseogaibh go mbíodh baint aca le lá Bealtaine...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seo cuid de sna piseogaibh go mbiodh baint aca le lá Bealtaine. Cuirtí an teine i n-éag istoidhche, oidhche lae Bealtaine, ar fuaid na dúithche, agus ní deintí í lasadh arís go dtí tar éis eadarthra amáireach. Ach lá Bealtaine, dá mbeadh sé de mhí-ádh ar dhuine í adú roimh aimsir eadarthra, nó go dtí go mbeadh na ba crúidhte, pé scéal é , bheadh drochchómharsa mná éigin, b'fhéidir, ag faireadh ar a thigh, féachaint an bhfeicfeadh sí an deatach ag éirighe as roimh eadarthra cun a cuid piseoga do cur i bhfeidhm. Nuair a chífeadh an droichbhean so an deatach, bheadh ceirtlín de rud éigin aici i bhfuirm rolla ime, agus bheadh sí 'á chaitheamh fé dhéin an deataigh agus focail éigin mar seo ar siubhal aici, cun an ime bhreith léi ón gcómharsain:- "Im an deataigh seo ar mo chuid bainne-se," agus mar sin de, go dtí go mbeadh an t-im beirthe léi aici, dar léi.
    Slí eile do bhiodh ag mná na bpiseog cun bainne a gcómharsan a' breith leo. Théigheadh siad i bhfolach i n-aice na h-áite go mbíodh na ba dá gcrúdhadh , agus bhídís ag faireadh le súil go ndéarmhódfadh an té bheadh ag crúdhadh na mbó an bhuarach. Cheangluighidís ar an gclabhar í; chuiridís soitheach fúithí, agus chrúdhaidís í mar a chrúdhfadh siad bó. Annsan bheadh bainne a gcómharsan aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. May (~639)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máiréad Bean Uí Cathláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Ballygiltenan Upper, Co. Limerick