School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glashaboy
- XML Page 569
- XML “Toibreacha Beannaithe - Dún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- DÚNTimcheall dhá mhíle ar an dtaobh ó thuaidh de shráidbhaile Gleann an Phréacháin tá sean lios. Is deallramhthach gur úsáideadh an lios so mar Roilg in aimsir na Críostaidheachta. Tá Roilg sa Dún pé scéal é. Taobh istigh den bhfalla tá fothracha sean-cille da ngoirtear "Cill an Duna." Tá Tobar beannuighthe ann leis. D'réir an léarsgáíl Séirbhéireachta sé an t-ainm atá ar an gceanntar ná Dún Pheadair. Ní foláir nó raibh eaglais no a Tobar Coisrigtha do N. Peadar. Tá cruthú eile ar sin. Tá cloc ar ceann - Tobair ar a bhfuil cros gearrtha bun ós cionn (bás Pheadair)Is ar an 23adh lá de mí na Meithimhe a théígheas
daoine ar cuairt ann anois ach téíghid leis ar 29adh lá de Iúil.Seo an t-slighe a deintear a Chuairt. Tá a lán cloc i bhfuirm fainne. Téígheann na daoine timcheall ó chlich go cloich agus deireann aon phaidreacha is mian leó, agus geárann fioghair na Croise ortha trí uaire le cloic bheag. Nuair a sroiseann siad an tobar tógann siad trí deóca uisce as trí cinn de ghloinibh.Is mó sgeál a innstear mar gheall ar an ait. Deirtear gur aistrigh an tobar. Bhí sé ináít eile roimhe seo. Do deineadh truailliú éígin air agus an mhaidin in a dhiaidh sin bhí sé istigh(continues on next page)- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir