School: Glashaboy (roll number 10569)

Location:
Glashaboy North, Co. Cork
Teacher:
Liam Ó Leighin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 562

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 562

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Glashaboy
  2. XML Page 562
  3. XML “Scéalta i dtaobh Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (a) Tá lios in aice le Tigh Muinntir uí Fuairtháin agus tá sgeac ag fás in aice le claidhe ar an dtaobh thuaidh de. Deirtear go bhfuil ór i bhfolach ansin. Do beirt fear ann tráth. Duine acu darbh' ainm "De Búrca." Bhí sé 'na muinteoír sa scoil a bhí san áít a bhfuil tigh Muinntir uí Dorgáín anois. Liam Ó Dorgáin an duine eile. Do bhí brionglóid ag an Búrcac trí oidhche in dhiaidh a chéíle go raibh an t-ór curtha fé'n sgeich gil a's gur idir an dá Aifreann gur ceart dul ar a lorg agus freisin dá bhfaighdís an t-ór go mbeadh ar dhuine éigin bás d'fháíl. Do thánadar Dia Domhnaig agus do thosnuigheadar ag tócailt. Ach do bhuaileadar le Carraig agus b'éigean dóibh eirighe as.

    (b) I bpáirc Muinntir Uí Siothcháín i Ladhar na mBan tá corcán óír leis an mBricleac deirtear. Uair amhaín do bhí Muinntir Uí Siothcáín ag déanamh dighe sa pháirc agus nuair do bhíodar leath na slíghe do casadar agus chuadar slighe eile. Tamall ina dhiaidh sin tháinic Gypsy go tigh Muinntir Uí Foghlú agus dubhairt sí leó da leanadh Muinntir Uí Siothcháin an slíghe 'na rabhadar ag dul go bhfaighdís an t-ór. An oidhche sin do chuaidh Muinntir Uí Foghlú agus do róradar fé iothlainn Muinntir Uí Siothcháín agus níor bhfuaradar an t-ór.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Leighinn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir