School: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh (roll number 12263)
- Location:
- Gogganshill, Co. Cork
- Teacher: Domhnall Ó Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rí ag gabháil isteach 'sa 'mac agus ag cur náire ar an rígh nuair abhíodh uaisle eile le na chois i dtréo gur thug sé ordú do'n geatóir go gchaithfeadh sé é dhibirt dá dheasgaibh. Acht thug an geatóir na leathsgéalacha go léir dó. Dubairt sé go mbeadh an clann go léir ag imitheacht ag tuilleamh a bhfortúin dóibh féin chomh luath agus bheidís i n-aois chuige. Agus gan aon eagla bheith air ná go mbeadh an geata uaigneach go leór sar a fada.
Do ghlac an rí an leathsgéal san uaidh: agus dubhairt sé leis féin go bfaghadh sé ann é acht go gcaithfheadh sé na paistí lomnachta giablacha dealbha do choiméad as radharc na n-uaisle do thiocfad go dtí an gheata.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc, - cun gur rugadh cúpla do'n geatóir: mac agus ingean. Acht bhé toil Dé gur cailleadh an páiste [?] an chéad oidhthe agus na raibh ann acht an mac, agus san féin bhí sé ag cur chrádhsgail ana-mhór air Gur gairid go mbeadh sé na smogairle timcheall an geata i dteannta an coda eile, agus ba mheasa leis é ná an chuid eile go léir. Do chuimhnidh sé gur maith an sgéal dá gcaillfí é dáltha a dhreifeár ach níor chailleadh.(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Riadhghain
- Gender
- Female
- Address
- Tullig More, Co. Cork
- Informant
- Domhnall Ó Cheilleachair
- Gender
- Male
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork