School: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh (roll number 12263)
- Location:
- Gogganshill, Co. Cork
- Teacher: Domhnall Ó Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do dhírig a mhuintir agus na cómharsain ar é lorg. Do chuarduigheadar dóigh agus an-dóigh do acht ná cuarduigheadar sin a raibh dá bhárr acu. Ní bh-fuaireadar tásc ná tuairisc air i ndeire bárr.
Dubhairt sean-bhean a bhiodh ag feiscint na go bh-feacaidh sí i d-teannta an s-Sluagh-sidhe é agus annsan níor loirgeadar a thuille do.
Lá áirighthe dá raibh sean-duine ag aoidhreacht na m-bó le hais leasa, do shéid an gaoth leitir amach as an lios chuige. Do thóg sé an leitir agus léigh sé í. Ó Sheanac Sheumais do bhí sí. D'innis sé conus é fhuascailt ós na púcaí. Dubhairt sé go d-tagadh an bean-sídhe amach as an lios gach aon maidin roimh eirghe gréine ag cioradh a cínn, agus dá n-éúluigheadh aoinne taobh thiar di agus breith a cléas cínn uirthi, agus a rád leí Seanach Seumas a chur amach, agus go g-caithgeadh sí san a dheunamh, acht gan teacht ar a h-aghaidh amach mar go millfeadh sí an saoghal le na dhá súil. Má seadh ní raibh de mhisneach ag aoinne é triall, acht i ndeire bárra bhí óinseach cailín ann. "Triallfad-sa é" ar sise.
Ar maidin amáireach do dhein chomh maith Amach leí le teacht an lae, d'fhair sí an lios cun do d-táinig an púca amach ag cíoradh a cínn(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Riadhgháin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Tullig More, Co. Cork
- Informant
- Domhnaill Ó Ceilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork