School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubh o lais toir de Baile Mágh Cromtha cun capall an Naoimh do ghuid agus cuaidh sé ar a muin agus bí sé ag dul abhaile mar ceap act ar maidin bhí sé san áit in a cuaidh sé ar a mhuin mar is amhlaidh a bhí sé ag dul mór timcheall na roilge ar feadh na h-oidhche.
Uair eile bhí creacadóir ag thógaint na ba ó Baile Múirne ach do sgaoil Gobnait cruiceóg beach na ndiaidh. Deineadh saighdiuirí des na beacha agus cuireadar an ruaig ortha.
Uair amháin tug an mininistir feasta agus cuir an cailín uisce an tobar ins an citeal ach dá mbeadh sé ann ó shin ní beireócath sé ach do cuir an ministir iachaint uirthi an t-uisce a cur san áit na bfhuair sí é.
Nuair a bhí na prodistúnaig ag deanamh an seipéal doibh féin do leagadh é nuair a bhí sé tiimcheall trí troigthe ar aoirde. Ansan dfhan cuid des na Produstúnaig ag faire timcheall(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Luasaig
- Gender
- Female
- Address
- Cloch Eidhneach, Co. Cork