School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Buachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Page 233
  3. XML “Conchubhar Aoide”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Conchubhar (Íde) Aoide.
    Fadó do bhí rígh mór na chómhnuighe i gCúige Chonnacht agus rígh mór dob'eadh é mar sé an ainm a bhí air ná Conchubhar mór. Ní raibh aon ainm eile i n-aon naisiún ábalta ar aon lámh a dhéanamh de. Do choinnibh sé máighistreacht ar Chonnacht d'aimhdheoin go léir agus do bhí na daoine a bhí fé na bhun ana bhuidheach do mar fhear ana mhaith ab'eadh é.
    Do phós sé cailín ó Shasana agus bean ana mhaith ab'eadh í. N'aorbh fhios ciacu an rígh nó an bhannríoghan ab' fhearr dos na daoine bhíodar buidheach dóibh araon. I gcionn tamaill do bhí mac acu agus dubhairt bean feasa nó fear feasa leo ná béadh a thuille muirighin acu ach an mac agus go mbeadh an mac an uile phioc chómh maith don na doaine agus bhí athair agus a mháthair.
    Sé an ainm a ghladhadar air ná Conchubhar Aoide mar Aoide ab'eadh ainm a mháthar agus do ghlaodhadar ó'n athair agus ó'n a mháthair é. Do bhí gach aon tsaghas ruda a oir dos na daoine faid a bhíConchubhar na mháighistir ortha. Do chomáineadar leo agus i gcionn tamaill do bhí Conchubhar a' dul i neant agus do bhí a athair is a mhathair cruiceálta mar gheall air. Ní fhéadfaidís corruighe i n-aon áit gan an buachaill óg a bheith i n-aon fheacht leo. Do bhí na daoine go léir chómh cruiceálta mar gheall air agus bhí a athair is a mháthair.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish