School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Buachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Page 212
  3. XML “Na Fianna Éireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Fianna Éireann.
    Do bhí Conán Maol a' thabhairt aire do'n Rígh-theaghlaí lá. Do tháinig bean isteach sa Rígh-theaghlach cuige. D'fhiafruig sí dhe an imireóifadh sé cluiche cártaí. Dubhairt sé go n'imireói(f)adh. Do thosnuigheadar a' imirt agus ba ghairid an mhoill uirthe an cluiche a bhuadhachtaint uaidh. Tá a fhios ag gach aoinne cad a thug í, do chuaidh sí abhaile agus i gcionn naoi mí do bhí mar óg aici.
    D'eirig sé suas na gharsún luath láidir. Nuair a bhí sé a' dul ar sgoil d'eirig sé féin agus na sgoláirí eile chun a chéile lá. Do ghaibh sé ar an méid a bhí ann acu mar do ghlaodar bastard air. Do chuaidh sé abhaile a trial ar a mháthair agus d'fhiafruig sé dhi cérbh'é a athair dubhairt sí leis gur chuma dho.
    Dubhairt sé go gcaitheadh sí innsint do féin cérbh'é athair dubhairt sí ná neosfadh. Do chuaidh sé go dtí an leabaidh agus do fuair sé seana-chlaidheamh go raibh meirg air fé'n dtocht.
    Do thug sé leis é agus do bhain sé crochadh as an claidheamh agus do thuit cith meirg de. Dubhairt sé le na mháthair innsint do cérbh'é athair nó go gcaithfeadh sé an ceann dí. Dubhairt sí ná neosfadh. Do chroich sé an claidheamh airís agus do thuit cith nimh de agus dubhairt sé léi innsint do cérbh'é athair nó go gcaitheadh sé an ceann di. Dubhairt sí ná neósfadh. Do chroich sé an claidheamh an tríomhadh h-uair agus do thuit cith fola dhi. Dubhairt sé léí é innsint go mear nó go gcaithfeadh sé an ceann di. Do tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish