School: Scoil na Móna Fliche (Moanflugh) (roll number 10272)
- Location:
- Moanflugh, Co. Cork
- Teacher: Diarmuid Ó Deasmhumhnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cailín Deas Crúidhte na mBó
Ar maidin nuair a dhearcas an chúilfhionn
Go blasta 's í ag crúdh a cuid bó
Ba comarsac bacallach búclach
Dathaithe bhí a húrla mar ór
Go triopallach snaidhmtheach fionn léi
Bhí a slamaire ag túrlach go feoir
A's do leigeas go tapaidh mo shúil léi
Le taithneamh do phlúr na mban n-ógA braoithe caol'míne gan tíol-chneis
Ar a h-éadan deas plúrach gan smól
A claon rosca ré-ghlasta úr-ghlan
'S a gruadhna ar lasadh mar rós
A déid mhion chomh geal leis an lítis
'S a béal tanaidhe cúmtha ar a gcóir
A's níl óig-bhean níos deise san tsaoghal so
Ná ailín deas crúidhte na mbóIs éasca do léimeas go luthmhar
Mar ba mhéinn liom-sa túrlach 'na treo
Chun fios fhagháil an ngeobhadh liom mar chéile
Nú an dtiocfadh sí liom go Tráighlí
Is go buadhach blasta an bhéith d'fhreagair mé-si
Níl maith dhuit bheith liom-sa mar taoi
Go bhfuighidh mé cead saor glan óm'mhuintir
Dubhairt cailín deas crúidhte na mbó(continues on next page)