Scoil: Gurrán Easaigh (uimhir rolla 12053)

Suíomh:
Garraneanasig, Co. Cork
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrán Easaigh
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá liosanna insan dúthaig seo go bhfuil aithne agam ortha. Tá ceann i Muíntir í Cártaig agus tá ceann eile i páirc Seán Mac Ghearailt. Do threabh a úncail é ach nuair a bhí sé threabtha aige, bí sé abha[?] Fuair sé pian ina cos agus cuaid sé go dtí an leabaidh ach fuair sé bás. Bhí ceann eile i Muintir Fielding, do treabh sé é ach ní fuair aon duine bás.
    Tá dhá lios in aice mo tíghe. Tugtar Lios Drapier ar ceann acu agus Lios Uí Mhurchadha ar an gceann eile. An Lios in a raibh na Uí Murchadha in a gcómhnaighe deirtear go bhfuil alán sidheóga ann. Tá sceach gheal in aice leis ar bharr ár gclaidhe agus dubhairt mo athair go gcuala sé fuaim casúir[?] gheal fadó agus gurb é an Leipreacán ag deisiú bróga na sídheóg eile é. Tá claidhthe timhcheall air agus ní raibh sé treabhtha ríamh mar bíodh eagla ortha go marbhófaí an fear nú brisfí chos an chapaill. Bhionn uain óga, ba, agus caoire ag inbhear ann.
    Tá lios in bhfeirm m'athair. Tá sé an-fhada agus is féidir le duine dul isteach ón dá thaobh. Tá claidhe idtaobh amháin ach níl aon rud insan taobh eile ach páirc. Beadh sé clúduighthe le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge