School: Gurrán Easaigh (roll number 12053)

Location:
Garraneanasig, Co. Cork
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrán Easaigh
  2. XML Page 005
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí saor-cloiche ann fadó, agus bhí sé cun caisleán do dhéanamh do rí. An aimn a bhí ar an saor-cloiche na Gobán-Saor. Ba é an caisleán ba bréaghtha bhí in Eirinn. Nuair a bhí an caisleán críochnuighthe dubhairt an rí ná bheadh aon caisleán curtha suas cómh breagh go deo leis. Dubhairt an rí le na fir dreamirí go léir do thógaint síos agus an gobán d'fhágaint ann, nú go bfaghadh sé bás.
    Do bhí an gobán ag gol mar ní raibh fhios aige cad a dheanfadh se, níorbh fhéidir leis teacht aníos. Do bhí scólaire bocht ag gabhail an treó agus d'fhiáfruig sé cad tá ort. Dubhairt an gobán leis nárbh fhéidir leis teacht anuas. D'fhiafruig an scólaire dhe cad é an treó a chuaidh sé suas agus dubhairt an Gobán gur chuaidh sé suas cloc ina dhiaidh cloc. Dubhairt an scoláire leis teacht anuas an treó céadna cloch ina dhiaidh cloch do briseadh. Thosnuig an Gobán chun an caislean do bhrriseadh.
    Ni raibh moran leaghtha aige nú gur rith an rí agus a fir. Dubhairt an rí na dreamirí tabhairt dó cun teacht aníos. Dubhairt an scoláire bocht leis an Gobán slinnte do chur ar an simne chun an deatach do stad ó dul suas. Nuair a bhí an teine lasta deirig an tigh lán de deatach. D'fhíafruig an rí cad a bhí ar an simne na leigfeadh sé an deatach suas. Dubhairt an Gobán nár smaoin sé ar ceann de's na rudaí a oibreann sé leis. D'fhíafhruig an rí de cad é an ainm a bhí air. Dubhairt an Gobán cám-as-díreach. Do chuir an rí a mach féin chun é d'fághail. Tháinig an mac go dtí bean a gobáin. Dubhairt sí go raibh sé in a sheomra aici i bosca mór. Dubhairt sí leis teacht leí cun an bosca d'oscailt. D'oscail sí an bosca agus dubhairt sí leis a lámha do cur go dtí bun an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Language
    Irish