School: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (roll number 11424)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Ruairc
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte
- XML Page 427
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“bail ó Dia annso: Conus tá'n tú a bhean a' tighe.”
Bail ó Dia annso: Conus tá'n tú a bhean a' tighe. Is díreach ná fuileann tú ar fóghnamh agus dar ndóigh ní locht san ort mar tá muinntir an pharóisde seo, go bhféachaidh Dia ' rainn i ndíg an bháis o bheith ag ól drabhuíol tae ó cheann ceann na bliana mar is nimh do'n chineadh daonna droch thae. Tolann sí na h-aedheanna, snaidhmeann sí snáitheann sí an inchinn agus deineann sí a gcuid fola chómh tanaidhe le uisce sneachtaidh agus sé easnamh a gcuid fola nádúrtha fé ndeara na fáibrí a chíonn tú ar éadanaibh óige an paróiste seo. A' dtugann tú fé ndeara a bhean a' tighe an rás atá fé dhochtúirí agus poiticéirí na sráide seo thíos. Feach nách fios ciocu acu is mó de chiotharnach Sid iad a mná agus a gclanna líonta suas de cháilthibh agus siogairlíní óir ag sileadh leo agus iad ag gluaiseacht thart gach lá ag radharc ar chóistibh órnáideacha(continues on next page)- Collector
- Liam Ó Ruairc
- Gender
- Male
- Address
- Knockskagh, Co. Cork
- Informant
- Randal Ó Muirthille
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Ballyvahallig Cross Roads, Co. Cork