School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Siobhán an raibh sí ag ínnsint an fhírinne agus dubhairt Siobhán ná raibh agus do bhíodar ag argóint annsan ar feadh abhfad Siobhán ag rádh go raibh sí an ínnsint an fhírinne agus an bean ag rádh ná raibh.
Do bhí an gúistís agus na píléirí ag éisteacht leó agus ana spórt acu á fhághail ionnta. D'fhiafhruigh an gúistís de Siobhán ar dein sí le na thoil é agus dubhairt Siobhán nár dhein agus nuair a airigh an bhean é sin dubhairt sí gur dhein sí le na thoil é agus do bhí duine des na píléirí ag éisteacht léi agus dubhairt sé gur dhein sí le na thoil é.
Do chuaidh an bhean abhaile agus do bhí ana fhearg uirthe. Is amhlaidh ná raibh aon uain ag an gúistís ar a geás do criocnúghadh agus dubhairt sé léi teacht airís an lá na dhiaidh san agus muna thiocfhadh sí gan aoinne dul á iarraidh go n-aireóchadh sí mar geall air agus go gcaitfheadh sí bheith istig a cúirt roimh a deich a chlog ar maidin.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chríodáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Cork