School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (B.)
- XML Page 120
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhíodh sprid á fheiscint i n-aice le Maghchromdha fadó, agus bhíodh sí ag marbhú na ndaoine go léir agus bhí eagla ar gach aoinne dul an treo san i ndiaidh tuitim na h-oidhche le h-eagla go marbhóchadh an sprid iad.
Do bhí lánamha na gcómhnuidhe tamall beag ón áit. I lár an lae dubhairt an fear le na bhean tobac a bheith aici dho i gcóir na h-oidhche.
Nuair a tháinig an h-oidhche d'iarr an fear d'á bhean féachaint an raibh an tobac aici. Dubhairt sise gur dhearmhaid sí é.
D'ith an fear a shuipéar agus annsan dubhairt sé go raghfadh sé a' d'iarraidh an tobac. "Airiú bíodh ciall agat" arsa a bhean "ar nóin tá a fhios agat má raghaidh tú an treó san nách ró fhada a bheir imthighthe go dtí(continues on next page)