School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 129
- XML “Ceann Capaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear eile ar an gCaolcuill agus do mhuinntir Uí Suilleabháin dob eadh é. "Denny Ó" an ainm do ghlaodhtaí air. Bhíodh sé ag muineadh scoile ar an gCaolcuill.
File dob eadh é sin agus dhein se amráin i nGaedhluinn agus i mBéarla. Bhí cloigean capaill aige agus aon bhuachaill ná bhíodh ag tabhairt aire dos na leabhraibh agus ná bíodh na ceactanna aige bhí ar an ceann capaill do bhrieth abhaile leis. Annsan bheadh fios ag á mhuinntir ná raibh sé ag deanamh ruda ar an máistir.
Bheadh fhios acu súd do chonnaic é ag dul abhaile agus an ceann capaill aige ná bíodh na ceactanna aige an lá san agus bhídís ag púirthigh na dhiaidh agus ag glaodach:- bastúin agus gamal air. Níor b'aon mhaith dho an cloigeann do sháthadh i dtor ná é chaitheamh thar chlaidhe mar aon gharsún a thógfhadh an ceann capaill abhaile leis bhí ar athair an gharsúin sin é thabhairt chum an tíghe 'na raibh Denny Ó ar lóisdín. Seo rud nár thaithn ró-mhaith leis na buachaillibh agus tráthnóna amháin sé fuair é ná buacaill do bhí na chómhnuidhe ar na lisíní. Ag gabháil thar ceárdtan do do chonnaic an gabha é mar bhí na garsúin eile na dhiaidh ag puírthig fé.
Bhí gaodhal ag an n-gabha leis an ngarsún agus do glaoidh sé air. D'fhiafhruig sé den(continues on next page)- Informant
- Denny Ó
- Gender
- Male