Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Ceann Capaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear eile ar an gCaolcuill agus do mhuinntir Uí Suilleabháin dob eadh é. "Denny Ó" an ainm do ghlaodhtaí air. Bhíodh sé ag muineadh scoile ar an gCaolcuill.
    File dob eadh é sin agus dhein se amráin i nGaedhluinn agus i mBéarla. Bhí cloigean capaill aige agus aon bhuachaill ná bhíodh ag tabhairt aire dos na leabhraibh agus ná bíodh na ceactanna aige bhí ar an ceann capaill do bhrieth abhaile leis. Annsan bheadh fios ag á mhuinntir ná raibh sé ag deanamh ruda ar an máistir.
    Bheadh fhios acu súd do chonnaic é ag dul abhaile agus an ceann capaill aige ná bíodh na ceactanna aige an lá san agus bhídís ag púirthigh na dhiaidh agus ag glaodach:- bastúin agus gamal air. Níor b'aon mhaith dho an cloigeann do sháthadh i dtor ná é chaitheamh thar chlaidhe mar aon gharsún a thógfhadh an ceann capaill abhaile leis bhí ar athair an gharsúin sin é thabhairt chum an tíghe 'na raibh Denny Ó ar lóisdín. Seo rud nár thaithn ró-mhaith leis na buachaillibh agus tráthnóna amháin sé fuair é ná buacaill do bhí na chómhnuidhe ar na lisíní. Ag gabháil thar ceárdtan do do chonnaic an gabha é mar bhí na garsúin eile na dhiaidh ag puírthig fé.
    Bhí gaodhal ag an n-gabha leis an ngarsún agus do glaoidh sé air. D'fhiafhruig sé den
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Denny Ó
    Inscne
    Fireann