School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 103
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Dubhart gur i gCillineach do cuirtí na leanbhaí....”
(continued from previous page)Ba ghile go mhór an solas do bhí aige ná éinne de'n cheathrar eile mar bhí baisde fé dhó fágaltha aige. Chómairlig an sagart do dhaoine gach páiste go mbeadh baisde urláir fagálta aige do chur san reilg agus ó soin i leith táthas á dheanamh.(no title)
“Anuas tríd an gcoill atá ins na lisiní atá sruthán uisge...”
XXI
Anuas tríd an gcoill atá ins na Lisiní atá sruthán uisge ag sceith agus tá sé teórantach leis an reilg (Cíll-mo-Comog) ar an dtaobh theas. Ins an bhfalla atá tímceall na reilge ar an dtaobh theas tá bearna beag fághtha ann agus inaice na bearnan ar thaobh an tsrutáin tá tobar beannuighthe ar a dtugtar Tobar Muire. Tá falla beag na thímpal anois act bhí sé ar feadh ibhfad gan aonnídh ag cur cosg le beithíg de bheith ag ól uisge as agus á shailiúghadh. Tá an tobar ann ó cuireadh an teampall ar bun ann agus turasanna ag daoine ghá dthabhairt ann le cianta.
Lá Fhéile Muire sa bhFóghmar an lá speisialta atá ag daoinibh chum turais do tabhairt ann act ná mná atá i gcómhgar na h-áite tugann a lán acu turas ann gach Aoine. Roime seo thagadh daoine ann ó chian agus ó cómhgar gach Lá-Fhéile-Muire.
Thagaidís ann ó Chiarraige, ó Cíll-Garbháin(continues on next page)