School: Lochán Mór
- Location:
- Loughane More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ab'eadh é leis. Thóg sé a thig féin, chuir sé an díon agus an slinn air agus dein sé gach aon nídh eile leis leaistig agus leasmuigh dhe. Dhéanfadh sé bád leis chómh maith leis an nGearalthach nó aon bháid saor eile; i ba mhinic a déin.
Pé scéal é, bhí sé féin agus Cáit Dhómhnaill Mhuirtí geall le h-aon aois. Thuiteadar i ngrádh le na chéile, i ngan fíos dá muinntir gan dabht.
Bhí fear eile 'na chómhnaidhe i mBiolarach darbh ainm dó Micín. Micín Dhómhinaill Thaidgh a tugtaí air an uair sin, ach ní chloisfeá air le fada an lá anois ach Micín na Ceárdchan. Ó Súilleabháin an sloinne atá air ach tá "Ceárdchan" mar leas-ainm ar an gclann san go léir.(continues on next page)