Scoil: Clochar na Trócaire, Roscomáin
- Suíomh:
- Roscommon, Co. Roscommon
- Múinteoir: An tSr. M. Fionnbharra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ramhartuigheadh na fataí agus do mheathadar i gcarnáin. Thosuigheadar ag dubhadh ach mar sin féin lean na daoine 'gá n-ithe.Tháinig an donas chomh mór sin orra nach raibheadar feileamhnach le n-ithe. Annsan thosuigh na daoine ag fághail bháis le h-ocras ar thaobh na mbóthar agus ins na páirceannaibh. Do cuireadh as seilbh mórán mar ní raibheadar in-ann a gcuid cios a íoc agus fuaireadar bás ar thaobh na mbóthar. D'ith na daoine bochta féar agus gach rud a bhfuaireadar greim air.Do leanadar na céacta ins na páirceanna agus d'itheadar na préamhacha (?) a d'fhágadh. Ní raibh carbaidh na marbh no conair agus bhí fir le feiceál ag tabhairt a gcéile chun uaigh ar brat déanta as slata, agus na fir féin ag tuitim le laigeacht agus ocras. D'oibrigh mórán de's na fearaibh go cruaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)