School: Dunmore, Kilkenny (roll number 4331)

Location:
Dunmore, Co. Kilkenny
Teacher:
M. Ó Leathlobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0863, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0863, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dunmore, Kilkenny
  2. XML Page 257
  3. XML “Bird-Lore”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bird Lore Contd. - An Smólach
    Tugas cuaird aon uair amháin ar iar-connacht í dtúis m'óige i dtosach an Earraigh mar dubhras ceana ar cuaird a bíos agus bhí mé cois trága sa tráthnóna. Tráthnóna fuar, glas ab'eadh é.
    Bhí an gaoth ó'n bhfairrge móir agus ní raibh morán fasgad san áit ach sgeach nó crann fuinnseoíge ag fás ar claidhe.
    An fhaid a bhí mé ag dul siar chun fairrge d'airigh mé ceól éin. Bhí an fuaim go h-árd agus amhrán go mall reidh. Bhí na nótaí ar fad ag teact le chéile árd-fhuaim fútha. Bhíos ábalta iad a clos thar glór na dtonn.
    D'eist mé go cúramac agus ansan stad an ceol ar feadh noimead. Thosnuig an t-éan arís i gceann tamaill bhig - Gabh sé an t-amrán ceadna go binn is go h-ád - níor gabh sé an dá amhrán ins an slíghe céadna.
    Cuadas go dtí an áit a raibh an ceól. Connacas an smólac beag a bhí ann.
    D'imthig sé nuair a bhí mé gairid don áit a raibh sé. Dimthig mé liom go brónac, mar cuireas ruaig air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. bird-lore (~2,478)
    Languages
    Irish
    English
    Informant
    John Nolan
    Gender
    Male
    Age
    35
    Address
    Dunmore, Co. Kilkenny