School: Currach Beag (roll number 10721)

Location:
Coarha Beg, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach Beag
  2. XML Page 012
  3. XML “Seán Ó Conaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mac baintríge abeadh an fear seo. Bí sé 'na cómhnuidhe i gCorrach Beag timcheall triocadh blían ó shoin. Fear mór láidir abeadh é. Bí muinntear Corrach Beag ana-bocht agus ní rabhadar ábalta an cíos do dhíol. Lá amháin tháinig an báille agus cúigear fearr inaonfheacht leis. Do thiomáin síad na ba núair nár fheadadar an cíos d'fhághail. bíodar leath-míle ó na tigthe núair chonnaic an baintreach íad. Rith sí isteach agus d'innis sí do Sheán é. Fúair sé bata mór agus rith sé in a ndíaidh. Annsan do thosnuigh Seán agus an báille ag troid. Fear mór láidir abeadh an báille. Fear olch abeadh é leis. Líam Ó Murcadha ab ainm dó. Níor chabhruig na fir eile leis an báille in aon chor mar bhí eagla orthu roimh Seán. Do mhairbh Seán an báille agus do thiomáin sé na ba abhaile go dtí na daoine gur leó íad. As san amach bhí ainm Seán ináirde as an troid maith a dhein sé i gcoinnibh an báille.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Informant
    Míceal Ó Shéaghdha
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Valencia Island, Co. Kerry