Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 203
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Grinn
Dómhnall Ua Cúrnáin Málainn 48 bl. d’innisBhí fear ag deunamh cleamhnais fadó agus chuaidh sé go dtí an tigh go raibh sé a fághail mná ann agus beir an stócach le ‘na chois. Nuair shroiseadar an tig thosnuigh an stócach ag moladh an fhir. Dubhairt an fear go raibh céad púint sa bhannc aige agus dubhairt an stócach go raibh agus dhá chéad. Dubhairt an fear gur maith an sclábhaidhe é agus dubhairt an stócach gur ana fhear ar fad gurab eadh é. Dubhairt an fear annsan “Tá gach aon nídh socair anois acht nílim go maith ar muir.” “Nílir ná go maith ar Tír” ars’ an stócach. Do scaoil sin an praiseach ar fuaid na mias agus do bhriseadh an cleamhnas. Do leath marbhuigheadh an stócach ag dul abhaile.- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- Málainn, Co. Kerry