Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 105
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí buachaillí óga theas i gCathairSabháin ag feitheamh leis an máighistir i seanfhothrach.

    1. Brighid Ní Churrán (Bean Uí Dhálaig) Cúmastabha
    2. 84 bl. cois Cuirreán
    Bhí buachaillí óga theas i gCathair Sabháin ag feitheamh leis an máighistir i sean fhothrach. Bhí an buachaill seo ‘na measc darab ainm Micí Sheáin Dáth Ó Súilleabháin (Siodhthacháin)
    agus nuair ná raibh an duine ag teacht seo mar labhair:-
    “Is dubhach as doilbh an cás é
    I bhfothrach fhásaig fhuair
    Ag faire ar folaire máighistir
    Go nochtadh sé an t-árd adtuaidh
    Tá sé sínte ar chlár aca
    Agus cuid aca a’ séideadh a chluas
    Beidh sé go maith amáireach
    Is tacfaidh sé cúghainn Dia Luain
    Bhí an Micheál so thuas chun dul go h-Americá ag fágaint a bhean agus a mhac bliadhan aoise ‘na dhiaidh. D’iarr comhairle ar Sheán na Saoi, ar cad a dheunfadh sé agus seo mar do thárla.
    Ní thagfainn go bráth ad pháirt le sin
    Nó le báidh ná ar son mo ghaoil leat
    Máire na lá’ d’fhágaint annsan
    Mar níl a leanbh críodhna
    Tá Cathairsabháin ‘na áit mhaith
    Is fághaltas ort chun díol as
    An fhaid a mhairfidh Seán Dáth
    Teindeáil é sin agus ní gádh dhuit dul ann choidhche
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Dhálaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    Com Dhá Stogha, Co. Kerry