School: Cnoc na Bró

Location:
Knocknabro, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Scannaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 542

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 542

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Bró
  2. XML Page 542
  3. XML “Bríghde agus na Buachaillí Bána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rómhat anois.” Do bhí an dinnéar ullaimh agus do fúair Brighid cuireadh cun an bhúird. Ag ithe dí níorbh fhaillíghe léi cuimhneamh ar pháirtidhe Máire agus leis sin do thóg sí cuid de’n bíadh de’n bhord agus do chuir sí í isteach ‘na h-aprún i bhfolach é. Do conaic fear a’ thighe í, dar leis, ag goid é agus do chuir sé a bhís leis go tapaidh, “A Bhean mhaith” ar seisean “is amhlaidh nách bhfuil fonn ort fanamhuint go lá againn. An bfuill tú ag tógaint an bíadh de’n bhord.” “Tá mo dhóithin de cúis agam “ ar sise. “Páirte sean-mná bhí ‘m aoinfheacht liom ag fágaint an tíghe agus geallamar araon do chéile dá mbuailfeadh aon tSógánaidhe cóir linn gan a gcéile do dhearmadh agus nách bhfuil fhios agat – a fíor mhaith” ar sise “ go bhfuil raighse bídh annso agus is amhlaidh atá an sgéal anois, go bhfuil na daoine ag fághail bháis ag an gortadh. “Is fíor san, a inghean ó” ar seisean, “act cá bhuil a’ tsean bhean anois úait.” “Tá sí in a leithéid seo de thig” ar sise.
    D’imthigheadar araon agus thugadar leó an tsean-bhean. Bhíodar ar a shástacht annsan go dtí gur tháinig luighe an h-oidhche agus do bhúail cúcha isteach an tsean-bhean críonna caithte agus do bheannuigh dóibh go bhéasach agus dúbhairt fear a tíghe léi fan go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish